Ag imeacht go Glaschú go hOibreacha Poiblí. D’oibrigh sé le moll comhlachtaí – bhí lear oibre ann. Chuaigh sé go tuaisceart na hAlbain ansin – bhí obair hidrileictreach ann – dambaí agus tolláin. Uaireanta fada oibre ansin. Bhog sé thart ansin ó áit go háit. Tolláin do chóras leictreachais – obair chrua, trom agus garbh. An trealamh a bhí acu, pléascanna. Beilt le ceallra do sholas ar an chlogad. Druileáil isteach sa charraig le meaisíní. Polladh, réabadh agus ag cartadh amach na carraige. Níor shíl sé ag an am go raibh sé contúirteach, d’amharc siad uilig i ndiaidh a chéile. Chonaic sé daoine ag fáil gortaithe. Ansin, bhí sé ag obair i nGlaschú i dtolláin. Ní thiocfadh leo oibriú ach 8 n-uaire an chloig. Aer comhbhrúite a bhí i dtolláin mhóra ansin. Fuair sé jab eile ansin ag déanamh tolláin faoin fharraige. Chuaigh sé go Sasana agus an Bhreatain Bheag leo. I 1965, chas a bhean air agus pósadh é. | 00:07:55 | |